11 Rinne Íosa sin i gCána i nGalailí, an chéad chomhartha dá chomharthaí, agus nocht sé a ghlóir; agus chreid a dheisceabail ann.
12 Ina dhiaidh sin chuaigh sé síos go Caparnáum, é féin agus a mháthair agus a dheartháireacha, agus a dheisceabail; agus d'fhan siad tamall de laethanta ansin.
13 Ba ghairid uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.
14 Sa teampall dó, tháinig sé ar lucht díolta na ndamh agus na gcaorach agus na gcolm, agus lucht malartaithe an airgid agus iad i gceann a ngnó.
15 Agus d'fhigh sé fuip as téada, agus thiomáin sé iad féin agus na caoirigh agus na daimh amach as an teampall; agus scaip sé na boinn a bhí ag lucht malartaithe an airgid agus thiontaigh sé a mboird bun os cionn.
16 Agus dúirt sé le lucht díolta na gcolm, “Tugaigí libh iad seo as seo; ní ceadmhach teach margaidh a dhéanamh de theach m'Athar-sa.”
17 Ba chuimneach lena dheisceabail gur scriobhadh, “Beidh mo dhíograis do do theachsa do mo chnaí.”