18 “D'fhiafraigh na Giúdaigh de ansin, “Cad é an comhartha a thaispeánfas tú dúinn lena bhfuil déanta agat?”
19 Ba é an freagra a thug Íosa orthu, “Leagaigí an teampall seo go lár, agus beidh sé atógtha agamsa i dtrí lá.”
20 Dúirt na Giúdaigh ansin, “Ghlac sé sé bliana agus daichead leis an teampall seo a thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”
21 “Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.
22 Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige.
23 “Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh;
24 ach níor thaobhaigh Íosa é féin leo,