21 “Ach is faoi theampall a choirp féin a bhí sé ag caint.
22 Nuair a tógadh é ar an aiséirí ó mhairbh, ba ansin ba chuimhneach lena dheisceabail go raibh sé sin ráite aige; agus chreid siad don scrioptúr agus don bhriathar a bhí ráite aige.
23 “Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh;
24 ach níor thaobhaigh Íosa é féin leo,
25 as siocair gur thuig sé iad uile agus nach raibh feidhm aige ar dhuine a thabharfadh fianaise dó i dtaobh an duine; mar bhí a dhea-fhios aige féin faoi cad é ab fhiú an duine.