4 Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.”
5 Ba é a dúirt a mháthair leis an lucht freastail, “Déanaigí cibé ní a deir sé libh.”
6 Anois bhí sé shoitheach cloiche ina seasamh ansin, le haghaidh gnásanna glanta na nGiúdach, a dtoillfeadh fiche nó tríocha galún iontu.
7 “Líonaigí na soithigh d'uisce,” arsa Íosa leo. Agus líon siad go béal iad.
8 Dúirt sé leo, “Tarraingígí astu anois, agus tugaigí libh chuig maor na coirme é.” Thug siad chuige é mar sin.
9 Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta
10 agus ar seisean leis, “Bíonn na daoine uile ag tabhairt amach an dea-fhíona i dtús coirme; agus an díogha ansin ar deireadh nuair a bhítear i ndiaidh braon maith a ól; ach tá an dea-fhíon coinnithe siar agat go dtí anois!”