11 Ach is é rud, d'fhan Muire ina seasamh taobh amuigh den tuama agus i ag sileadh deor, agus nuair a bhí sí á sileadh chrom sí síos le hamharc isteach sa tuama;
12 agus chonaic sí dhá aingeal in éadach geal a bhí ina suí san áit sin a raibh corp Íosa ina luí, aingeal amháin san áit a mbíodh a cheann agus aingeal eile san áit a mbíodh a chosa.
13 Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”
14 Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici.
15 Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”
16 Arsa Íosa léi, “A Mhuire.” Thiontaigh sise thart agus dúirt sí in Eabhrais, “Rabóní!” (a chiallaíos Oide).
17 Arsa Íosa léi, “Ná bí ag breith greama orm, mar táim go fóill gan dul suas chuig an Athair; ach imigh leat chuig mo bhráithre agus abair leo go bhfuilim ag dul suas chuig m'Athair agus chuig bhur nAthairse, chuig mo Dhia-sa agus chuig bhur nDia-sa.”