2 Chuaigh sí mar sin ina rith chuig Síomón Peadar agus chuig an deisceabal eile ab ansa le hÍosa, agus ar sise leo, “Tá an Tiarna tógtha acu as an tuama, agus níl a fhios againn cár leag siad é.”
3 D'imigh Peadar ansin agus an deisceabal eile leis, agus tháinig siad go dtí an tuama.
4 Bhí an bheirt acu ina rith, ach ba ghaiste an deisceabal eile ná Peadar sa siúl agus ba é a shroich an tuama ar dtús;
5 agus chrom sé síos ag amharc isteach agus chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí ansin, ach ní dheachaigh sé isteach.
6 Tháinig Síomón Peadar ansin go dlúth ina dhiaidh, agus chuaigh seisean isteach sa tuama; chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí,
7 agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.
8 Ba ina dhiaidh sin a chuaigh an deisceabal eile isteach, a shroich an tuama ar dtús, agus chonaic sé agus chreid sé,