9 mar ní raibh fhios acu go fóill faoin scrioptúr, a dúirt go gcaithfeadh sé éirí ó mhairbh.
10 D'imigh na deisceabail ansin ar ais abhaile.
11 Ach is é rud, d'fhan Muire ina seasamh taobh amuigh den tuama agus i ag sileadh deor, agus nuair a bhí sí á sileadh chrom sí síos le hamharc isteach sa tuama;
12 agus chonaic sí dhá aingeal in éadach geal a bhí ina suí san áit sin a raibh corp Íosa ina luí, aingeal amháin san áit a mbíodh a cheann agus aingeal eile san áit a mbíodh a chosa.
13 Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”
14 Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici.
15 Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”