1 Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail athuair chois Mhuir Thibérias agus is mar seo a thaispeáin sé é féin.
2 Bhi Síomón Peadar, Tomás dar gaireadh Didumas, Natanael as Cána i nGalailí, clann mhac Shebidé, agus beirt eile dá dheisceabail i gcuideachta a chéile.
3 Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” D'imigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd.
4 Bhí spéartha an lae ann cheana féin, nuair a bhí Íosa ina sheasamh ar an trá; ach ní raibh a fhios ag na deisceabail gurbh é Íosa a bhí ann.