12 Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.
13 Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna.
14 Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh.
15 Nuair a bhí a mbricfeasta caite acu, arsa Íosa le Síomón Peadar, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an mó an grá atá agat dom ná an grá atá acu seo?” Ar seisean leis, “Is ea, a Thiarna, tá a fhios agat go bhfuil cion agam ort.” Ar seisean leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chuid uan.”
16 Dúirt sé leis an dara huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Deir sé leis, “Tá, a Thiarna, tá a fhios agat an cion atá agam ort.” Dúirt sé leis, “Déan buachailleacht ar mo chaoirigh.”
17 Dúirt sé leis an triú huair, “A Shíomóin, a mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?” Ghoill sé ar Pheadar gur fhiafraigh sé de an triú huair, “An bhfuil cion agat orm?” Agus dúirt sé leis, “A Thiarna, tá fios gach feasa agat; tá a fhios agat an grá atá agam duit.” Arsa Íosa leis, “Bí ag tabhairt a mbia do mo chaoirigh.
18 Go deimhin agus go dearfa deirim leat, nuair a bhí tú óg, bhíteá do do chóiriú féin, agus ag siúl mar ba thoil leat féin, ach nuair a bheas tú anonn in aois, beidh tú ag síneadh amach do ghéag, agus beidh duine eile do do chóiriú agus do d'iompar in áit nár thoiligh tú.”