2 Bhi Síomón Peadar, Tomás dar gaireadh Didumas, Natanael as Cána i nGalailí, clann mhac Shebidé, agus beirt eile dá dheisceabail i gcuideachta a chéile.
3 Dúirt Síomón Peadar leo, “Táim ag dul a iascaireacht.” Dúirt siadsan, “Rachaimidne leat freisin.” D'imigh siad mar sin agus chuaigh siad ar an mbád; ach níor mharaigh siad iasc ar bith an oíche úd.
4 Bhí spéartha an lae ann cheana féin, nuair a bhí Íosa ina sheasamh ar an trá; ach ní raibh a fhios ag na deisceabail gurbh é Íosa a bhí ann.
5 Arsa Íosa leo, “A chlann óg, an bhfuil iasc ar bith libh?” “Níl,” a dúirt siad lena fhreagairt.
6 Ar seisean leo, “Cuirigí bhur líon ar thaobh deas an bháid, agus gheobhaidh sibh rud éigin.” Chuir siad mar sin é, agus níor fhéad siad an líon a tharraingt isteach le méid na n‑iasc a bhí ann.
7 Dúirt an deisceabal úd ab ansa le hÍosa le Peadar, “Is é an Tiarna atá ann!” Nuair a chuala Síomón Peadar gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhaill éadaigh air, a bhí curtha de aige chun na hoibre, agus thug sé léim amach san fharraige.
8 Ach tháinig na deisceabail eile sa bhád, ó nach raibh idir iad agus an cladach ach tuairim is céad slat, agus lán an lín d'éisc á tharraingt ina ndiaidh acu.