8 Ach tháinig na deisceabail eile sa bhád, ó nach raibh idir iad agus an cladach ach tuairim is céad slat, agus lán an lín d'éisc á tharraingt ina ndiaidh acu.
9 Nuair a tháinig siad i dtír, chonaic siad tine fhioghuail ann agus iasc uirthi, agus builíní aráin.
10 Arsa Íosa leo, “Tugaigí libh cuid de na héisc a ghabh sibh ar ball.”
11 Chuaigh Síomón Peadar mar sin ar bhord an bháid gur tharraing an líon aníos ar an trá, agus é lán d'éisc mhóra, céad, caoga is trí cinn acu; agus i ndiaidh an mhéid a bhí ann acu, ní raibh an líon stróicthe.
12 Arsa Íosa leo, “Tagaigí go raibh bhur mbricfeasta agaibh.” Anois ní raibh sé de dhánacht ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de, “Cé tú féin?” Bhí a fhios acu gurbh é an Tiarna é.
13 Tháinig Íosa gur ghlac sé agus gur thug sé dóibh an t‑arán, agus an t‑iasc mar an gcéanna.
14 Ba é sin anois an tríú huair ar thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail i ndiaidh é a éiri ó mhairbh.