11 Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn.
12 Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh?
13 Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine.
14 Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,
15 i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.
16 Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.
17 Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd.