14 Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,
15 i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.
16 Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.
17 Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd.
18 An té a chreideas ann ní dhaortar é; an té nach gcreideann ann tá sé daortha cheana féin, de bhri nach bhfuil creidte aige in Ainm aon Mhac Dé.
19 Agus is é seo an bhreith, go bhfuil an solas tar éis teacht ar an saol, agus gurbh ansa le daoine an dorchadas ná an solas, ar an tsiocair go raibh a ngníomhartha olc.
20 Mar níl duine dá mbíonn ag déanamh an oilc nach mbíonn fuath aige ar an solas, agus ní thagann sé chun an tsolais, ar eagla go nochtfaí a ghníomhartha.