21 Ach an té a bhíos ag cur na fírinne i ngníomh, bíonn seisean ag teacht chun an tsolais, sa chruth go bhfeicfí go soiléir gur oibríodh a ghníomharthasan i nDia.
22 Ina dhiaidh sin thug Íosa agus a dheisceabail tír Iúdaea orthu féin; agus d'fhan sé leo ansin agus bhíodh sé ag baisteadh.
23 Bhi Eoin ag baisteadh freisin in Aénon cóngarach do Shalim, ó bhí mórán uisce san áit; agus bhíodh daoine ag teacht chuige agus á mbaisteadh.
24 Mar níor cuireadh Eoin i bpríosún go fóill.
25 D'éirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta.
26 Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.”
27 D'fhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh.