24 Mar níor cuireadh Eoin i bpríosún go fóill.
25 D'éirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta.
26 Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.”
27 D'fhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh.
28 Fágaim a fhianaise oraibh féin, go ndúirt mé, Ní mé an Críost, ach gur roimhe a cuireadh mé.
29 An té a mbíonn an bhrídeog aige is é an fear nuaphósta é; ach cara an fhir nuaphósta, a sheasas leis agus a éisteas leis, bíonn glór an fhir nuaphósta ina ábhar mór lúcháire dó; dá bhrí sin de tá mo lúcháirse lán anois.
30 Tá air dul i dtreise, ach tá orm maolú.”