30 Tá air dul i dtreise, ach tá orm maolú.”
31 An té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn an uile ní; an té atá as an talamh is leis an talamh é, agus is i dtaobh an talaimh a labhraíos sé; an té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn gach uile dhuine.
32 Tugann sé fianaise ar a bhfuil feicthe agus cluinte aige, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise;
33 an té a ghlacas lena fhianaise, cuireann sé a shéala leis seo, go bhfuil an fhírinne ag Dia.
34 Mar an té a chuir Dia uaidh, luann sé na briathra a labhair Dia, mar níl teorainn leis nuair a thugann sé an Spiorad;
35 tá grá ag an Athair don Mhac, agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige.
36 An té a chreideas sa Mhac bíonn an bheatha shíoraí aige; ach an té nach n‑umhlaíonn don Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach fanann sé faoi fhearg Dé.