9 Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?”
10 Arsa Íosa leis, “A rá is de go bhfuil tusa i d'oide in Iosrael, agus gan tuiscint a bheith agat ar na nithe seo?
11 Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn.
12 Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh?
13 Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine.
14 Agus mar a d'ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú,
15 i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.