15 Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.”
16 “Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.”
17 D'fhreagair an bhean é, “Níl céile fir agam.” Arsa Íosa léi, “Is ceart mar a dúirt tú é, go raibh tú gan céile fir;
18 mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé d'fhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.”
19 Arsa an bhean leis, “A Shaoi, táthar á thaibhsiú dom gur tú an fáidh feasa.
20 Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.”
21 Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread.