2 (cé nárbh é Íosa féin a bhíodh á mbaisteadh, ach a dheisceabail amháin),
3 d'fhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair.
4 Agus bhí air dul trí Shamária.
5 Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf.
6 Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá).
7 Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi.
8 Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach.