27 Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. B'iontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?”
28 D'fhág an bhean mar sin a soitheach uisce ina diaidh, agus d'imigh léi chun na cathrach, go ndúirt leis na daoine,
29 “Tagaigí, go bhfeice sibh fear a d'aithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?”
30 D'imigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air.
31 Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.”
32 Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.”
33 B'shiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?”