29 “Tagaigí, go bhfeice sibh fear a d'aithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?”
30 D'imigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air.
31 Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.”
32 Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.”
33 B'shiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?”
34 Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh.
35 Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar’? Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair.