37 Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’.
38 Chuir mé amach sibh le barr a bhaint nár oibrigh sibh air; rinne daoine eile an saothar, agus tá sibhse i ndiaidh dul i seilbh a saothairsean.”
39 Chreid mórán Samaratánach as an gcathair úd ann de bharr fhianaise na mná, “D'aithris sé dom a ndearna mé riamh.”
40 Nuair a tháinig na Samaratánaigh chuige d'iarr siad air fanacht acu; agus d'fhan sé dhá lá ann.
41 Agus chreid tuilleadh mór de bharr a bhriathair féin.
42 Ar siadsan leis an mbean, “Ní de bharr do bhriathairse a bhímid ag creidiúint feasta, mar chualamar lenár gcluasa féin é, agus tugadh le fios dúinn gurb é sin go cinnte Slánaitheoir an domhain.”
43 I ndiaidh an dá lá úd, d'imigh sé ag tarraingt ar Ghalailí.