43 I ndiaidh an dá lá úd, d'imigh sé ag tarraingt ar Ghalailí.
44 Mar thug Íosa é féin fianaise nach mbíonn meas fáidh ar aon duine ina dhúiche féin.
45 Dá bhrí sin de, nuair a tháinig sé go Galailí, bhí fáilte ag na Galailéigh roimhe, nuair a bhí siad i ndiaidh a ndearna sé in Iarúsailéim ar an bhféile a fheiceáil, ó chuaigh siadsan chun na féile freisin.
46 Tháinig sé mar sin an athuair go dti Cána i nGalailí, an áit a ndearna sé fíon den uisce. Agus bhí i gCaparnáum oifigeach a raibh a mhac breoite.
47 Nuair a chuala sé go raibh Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí, chuaigh sé chuige agus d'agair sé air teacht anuas agus a mhac a leigheas, a bhí i mbéala báis.
48 Dúirt Íosa leis mar sin, “Mura bhfeiceann sibh comharthaí agus iontais, ní chreidfidh sibh.”
49 Arsa an t‑oifigeach leis, “A Shaoi, tar anuas sula bhfaighe mo leanbh bás.”