45 Dá bhrí sin de, nuair a tháinig sé go Galailí, bhí fáilte ag na Galailéigh roimhe, nuair a bhí siad i ndiaidh a ndearna sé in Iarúsailéim ar an bhféile a fheiceáil, ó chuaigh siadsan chun na féile freisin.
46 Tháinig sé mar sin an athuair go dti Cána i nGalailí, an áit a ndearna sé fíon den uisce. Agus bhí i gCaparnáum oifigeach a raibh a mhac breoite.
47 Nuair a chuala sé go raibh Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí, chuaigh sé chuige agus d'agair sé air teacht anuas agus a mhac a leigheas, a bhí i mbéala báis.
48 Dúirt Íosa leis mar sin, “Mura bhfeiceann sibh comharthaí agus iontais, ní chreidfidh sibh.”
49 Arsa an t‑oifigeach leis, “A Shaoi, tar anuas sula bhfaighe mo leanbh bás.”
50 Arsa Íosa leis, “Imigh romhat; mairfidh do mhac.” Chreid an fear an briathar a labhair Íosa leis, agus d'imigh sé roimhe.
51 Tháinig a sheirbhísigh ina airicis agus é ar a chosán síos gur inis dó go raibh a mhac beo.