5 Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf.
6 Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá).
7 Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi.
8 Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach.
9 D'fhiafraigh an bhean Shamaratánach de, “Conas a d'iarrfá deoch ar bhean Shamaratánach agus tú i do Ghiúdach?” Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samaratánaigh.
10 D'fhreagair Íosa í, “Dá mb'eol duit tíolacadh Dé, agus cé sin a deir leat, ‘Tabhair deoch dom,’ bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit.”
11 Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha?