1 Bhí féile ina dhiaidh sin ag na Giúdaigh, agus chuaigh Íosa suas go hlarúsailéim.
2 Anois tá linn uisce in Iarúsailéim cóngarach do Gheata na gCaorach a dtugtar Bét-sata air san Eabhrais, agus tá cúig cholúnáid ar an linn.
3 Bhí slua mór othar ina luí iontusan, idir dhaill agus chithréimigh agus lucht pairilise.
5 Bhi duine amháin ansin a bhí breoite i rith ocht mbliana agus triocha.
6 Nuair a chonaic Íosa é agus d'aithin sé go raibh sé ina luí ansin tamall fada, d'fhiafraigh sé de, “An áil leat do leigheas?”
7 Ba é freagra a thug an t‑othar air, “A Shaoi, níl aon duine agam le mo chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t‑uisce, agus tá an chéim síos tugtha ag fear eile fad agus a bhímse ar mo bhealach.”