12 D'fhiafraigh siad de, “Cé hé sin a dúirt leat, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’?”
13 Anois niorbh fheasach don fhear a leigheasadh cé a bhí aige, mar bhí Íosa i ndiaidh éalú sa slua a bhí san áit.
14 Tháinig Íosa air ina dhiaidh sin sa teampall, agus dúirt sé leis, “Féach mar atá tú i do shláinte! Ná déan peaca a thuilleadh ar eagla go mba mheasaide duit é ná roimhe seo.”
15 D'imigh an fear leis gur inis do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.
16 Agus sin é an chúis ar chuir na Giúdaigh an ghéarleanúint ar Íosa, i ngeall ar é sin a dhéanamh lá na sabóide.
17 Ach is é an freagra a thug Íosa orthu, “Bíonn m'Athair i gceann a chuid oibre go fóill, agus bímse ag obair.”
18 Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.