17 Ach is é an freagra a thug Íosa orthu, “Bíonn m'Athair i gceann a chuid oibre go fóill, agus bímse ag obair.”
18 Ba í sin an chúis a bhí ag na Giúdaigh le bheith ag iarraidh ní ba dhéine a chur chun báis, mar ní hamháin gur sháraigh sé an tsabóid, ach thug sé Athair ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
19 Dúirt Íosa leo, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, ní fhéadann an Mac aon ní a dhéanamh dá dheoin féin, ach amháin an ní a bhfeiceann sé an tAthair á dhéanamh; mar an ní a dhéanann seisean, is é a dhéanann an Mac mar an gcéanna.
20 Mar bíonn grá ag an Athair don Mhac, agus taispeánann sé dó a mbíonn á dhéanamh aige féin; agus taispeánfaidh sé oibreacha is mó ná iad seo dó, ionas go mbeidh iontas oraibh.
21 Mar a thógann an tAthair na mairbh agus mar a thugann sé beatha dóibh, is mar sin a thugann an Mac an bheatha don dream is áil leis.
22 Ní thugann an tAthair breithiúnas ar aon duine, ach tá an breithiúnas uile tugtha aige don Mhac,
23 ionas go mbeidh onóir ag na daoine uile don Mhac mar a bhíos acu don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.