24 Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, an té a chluineas mo bhriatharsa agus a chreideas sa té a chuir uaidh mé, is aige atá an bheatha shíoraí; ní thagann sé faoi bhreithiúnas, ach tá aistrithe aige ó bhás go beatha.
25 “Is fíor agus is fírinneach a deirim libh, tá an uair ag teacht, agus tá si ann cheana féin, a gcluinfidh na mairbh glór Mhac Dé, agus mairfidh a gcluinfidh é beo.
26 Ó mar atá an bheatha ann féin ag an Athair, tá bronnta aige ar an Mac an bheatha a bheith ann féin,
27 agus thug sé údarás dó leis an mbreithiúnas a chur i gcrích, ós é Mac an duine é.
28 Nárab iontas libh sin; mar tá an uair ag teacht nuair a chluinfeas a bhfuil sna tuamaí a ghlór
29 agus tiocfaidh siad amach, an méid acu a rinne an mhaith, chun aiséirí na beatha, agus an méid a rinne an t‑olc, chun aiséirí an bhreithiúnais.
30 “Ní bhíonn cumas agam le haon ní a dhéanamh ar m'údarás féin; an bhreith a chluinim, is í a thugaim; agus is ceart an bhreith agam í, ó nach mbím ag iarraidh mo thola féin ach toil an té a chuir uaidh mé.