29 agus tiocfaidh siad amach, an méid acu a rinne an mhaith, chun aiséirí na beatha, agus an méid a rinne an t‑olc, chun aiséirí an bhreithiúnais.
30 “Ní bhíonn cumas agam le haon ní a dhéanamh ar m'údarás féin; an bhreith a chluinim, is í a thugaim; agus is ceart an bhreith agam í, ó nach mbím ag iarraidh mo thola féin ach toil an té a chuir uaidh mé.
31 Má thugaim fianaise orm féin, ní bhíonn m'fhianaise fíor;
32 tá duine nach mé a thugas fianaise orm, agus tá a dhea-fhios agam gur fíor an fhianaise a thugann sé orm.
33 Chuir sibh teachtairí chuig Eoin, agus tá fianaise tugtha aige ar an bhfírinne.
34 Ní fhágann sin gur daonna an fhianaise a thagas chugam; ach deirim an méid sin ionas go slánaítear sibh.
35 Ba loiscneach lonrach an lampa é, agus thoiligh sibh go ceann tamaill lúcháir a bheith oraibh faoina sholas.