44 Conas a chreidfeas sibhse, a ghlacas glóir óna chéile agus nach n‑iarrann sibh an ghlóir a thagas ón aon Dia amháin?
45 Ná síligí go gcúiseoidh mise sibh i láthair an Athar; is é Maois a chúisíos sibh, an té sin ar chuir sibh bhur ndóchas ann.
46 Dá gcreidfeadh sibh i Maois, chreidfeadh sibh ionamsa, ós i mo thaobhsa atá scríofa aige.
47 Ach mura gcreideann sibh a scríbhinní siúd, conas a chreidfeas sibh mo bhriathrasa?”