8 Arsa Íosa leis, “Éirigh, tóg do shráideog ort, agus siúl leat.”
9 Agus ní luaithe ráite é ná leigheasadh an fear, agus thóg sé a shráideog agus shiúil sé leis.Anois ba é an tsabóid é an lá sin.
10 Mar sin, dúirt na Giúdaigh leis an bhfear a leigheasadh, “Is í an tsabóid í, níl sé dlisteanach duit do shráideog a iompar.”
11 Ach d'fhreagair sé iad, “Is é a dúirt an fear a rinne mé a leigheas, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’”
12 D'fhiafraigh siad de, “Cé hé sin a dúirt leat, ‘Tóg do shráideog ort agus siúl.’?”
13 Anois niorbh fheasach don fhear a leigheasadh cé a bhí aige, mar bhí Íosa i ndiaidh éalú sa slua a bhí san áit.
14 Tháinig Íosa air ina dhiaidh sin sa teampall, agus dúirt sé leis, “Féach mar atá tú i do shláinte! Ná déan peaca a thuilleadh ar eagla go mba mheasaide duit é ná roimhe seo.”