2 Agus bhí slua á leanúint, ó chonaic siad na comharthaí a rinne sé ar an dream a bhí breoite.
3 Chuaigh Íosa suas faoi na cnoic, agus shuigh sé faoi ansin é féin agus a dheisceabail.
4 Anois níorbh fhada uathu an Cháisc, an fhéile a bhíodh ag na Giúdaigh.
5 D'ardaigh Íosa a shúile ansin, agus chonaic sé chuige an slua, agus d'fhiafraigh sé de Philib, “Conas a cheannóimid arán, ionas go gcaithfidh an dream seo bia?”
6 Is á fhéachaint a dúirt sé sin, mar bhí fhios aige féin cad é a dhéanfadh sé.
7 Ba é an freagra a thug Pilib air, “Ní leor dóibh luach dhá chéad déanar d'arán, le beagán a thabhairt don uile dhuine acu.”
8 Dúirt duine dá dheisceabail leis, Aindrias deartháir Shiomóin Peadar,