47 Is fíor atá, agus is fíor mo rá, an té a chreideas tá an bheatha shíoraí aige.
48 Is mise arán na beatha.
49 D'ith bhur n‑aithreacha an manna ar an bhfásach, agus d'éag siad.
50 Is é seo an t‑arán a thagas anuas ó neamh go n‑ithe duine é agus nach bhfaighe sé bás.
51 Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é m'fheoil é.”
52 Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a d'fhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?”
53 Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;