51 Is mise an t‑arán beo a tháinig anuas ó neamh; cibé a itheas an t‑arán seo, mairfidh sé go deo; agus an t‑arán a thabharfas mé uaim mar mhaithe le beatha an domhain is é m'fheoil é.”
52 Chuaigh na Giúdaigh a dhíospóireacht á fhiafraí dá chéile, “Conas a d'fhéadfadh an fear sin a fheoil féin a thabhairt dúinn le n‑ithe?”
53 Dúirt Íosa leo ansin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑itheann sibh feoil Mhac an duine, agus mura n‑ólann sibh a fhuilsean, níl aon bheatha ionaibh;
54 an té a itheas m'fheoil agus a ólas m'fhuilse tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé an lá deireanach é.
55 Mar is bia fírinneach í m'fheoilse, agus is deoch fhírinneach í m'fhuilse.
56 An té a bhíos ag ithe m'fheolasa agus ag ól m'fholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann.
57 Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé.