55 Mar is bia fírinneach í m'fheoilse, agus is deoch fhírinneach í m'fhuilse.
56 An té a bhíos ag ithe m'fheolasa agus ag ól m'fholasa, cónaíonn sé ionam, agus cónaímse ann.
57 Mar a chuir an tAthair beo uaidh mé, agus mar a mhairimse beo uaidhsean, is mar sin a mhairfidh uaimse an té a itheas mé.
58 Is é seo an t‑arán a tháinig anuas ó neamh, nach ionann é agus an t‑arán a d'ith na haithreacha a fuair bás ina dhiaidh; an té a íosfas an t‑arán seo mairfidh sé go deo.”
59 Dúirt sé é sin sa tsionagóg, agus é ag teagasc i gCaparnáum.
60 Bhí mórán dá dheisceabail ann a dúirt nuair a chuala siad sin, “Is deacair an rá é sin; cé a fhéadas éisteacht leis?”
61 Ach ó bhí a fhios ag Íosa ina intinn féin go raibh a dheisceabail ag monabhar faoi sin, dúirt sé leo, “An dtugann sin oilbhéim daoibh?