22 Dúirt a thuismitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a d'admhódh gurbh é an Críost é.
23 Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”
24 Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.”
25 D'fhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.”
26 Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”
27 Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?”
28 Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois.