26 Sarúg, Náchór, Tearach.
27 Abrám is é sin Abrahám.
28 Clann mhac Abrahám: Íosác agus Ísmeáél.
29 Seo iad a sliocht: Nabáiót céadghin Ísmeáél; ansin Céadár, agus Abdael, agus Miobsám,
30 agus Mismeá agus Dúmá agus Masá, agus Hadad, agus Taemá,
31 agus Iatúr agus Náifís agus Céadamá. Sin iad clann mhac Ísmeáél.
32 Clann mhac Chatúrá, leannán Abrahám: rug sí clann mhac dó: Zimreán, Iocseán, Madán, Midián, Isbeác, Siúach. Clann mhac Iocseán: Seabá agus Dadán.