1 Croinicí 23 ABN

Eagar na Léivíteach

1 Nuair a bhí Dáiví ina laethe lána liatha, cheap sé Solamh a mhac ina rí ar Iosrael.

2 Chruinnigh sé taoisigh Iosrael go léir le chéile, agus na sagairt agus na Léivítigh.

3 Áiríodh na Léivítigh go léir a bhí tríocha bliain d'aois nó níos mó agus ba é a líon ná tríocha hocht míle fear.

4 Bhí ceithre mhíle fichead díobhsan i bhfeighil sheirbhís theach an Tiarna; ba scríobhaithe agus breithiúna sé mhíle díobh;

5 bhí ceithre mhíle díobh i bhfeighil na ngeataí, agus ceithre mhíle díobh ag moladh an Tiarna leis na gléasanna ceoil a chuir [Dáiví] á ndéanamh chuige sin.

6 Ansin roinn Dáiví iad ina ranganna de réir chlann Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí.

7 Clann mhac Géirseon: Ladán agus Simeí.

8 Clann Ladán: Ichíéil sa chéad áit, Zeatám agus Ióéil: triúr ar fad.

9 Clann mhac Shimeí: Sealmót, Haizíéil agus Hárán: triúr. Ba iad sin cinn finí Ladán.

10 Clann mhac Shimeí: Iachat, Zíneá, Ieúis, Beiríá; ba iadsan clann mhac Shimeí, ceathrar ar fad.

11 Ba é Iachat an sinsear, Zízeá an dara duine; ansin de bhrí nach raibh clann mhac mhór ag Ieúis agus ag Beiriá, áiríodh iadsan mar aon fhine amháin.

12 Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón agus Uizíéil: ceathrar.

13 Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan - é féin agus a chlann mhac go brách - le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách.

14 Áiríodh clann Mhaois, giolla Dé, ar threibh Léiví.

15 Clann mhac Mhaois: Géirseom agus Eilíeizir.

16 Clann mhac Ghéirseom: Seabúéil an sinsear.

17 Clann mhac Eilíeizir: Rachaibiá an sinsear; ní raibh aon mhac eile ag Eilíeizir, ach bhí clann mhór ar Rachaibiá.

18 Clann mhac Izeár: Sealoimít an sinsear.

19 Clann mhac Heabrón: Iríá an sinsear, Amairiá an dara mac, Iachaizíéil an tríú mac, agus Iacamám an ceathrú mac.

20 Clann mhac Uizíéil: Míceá an sinsear agus Isíá an dara mac.

21 Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Clann mhac Mhailí: Eileázár agus Cís.

22 D'éag Eileázár gan oidhre mic, ach iníonacha, agus phós a ngaolta clann mhac Chís iadsan.

23 Clann mhac Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót: triúr acu.

24 Ba iadsan clann Léiví de réir a bhfiní, cinn a bhfiní, mar a ríomhadh iad ó ainm ina nduine agus ina nduine; aon duine a bhí fiche bliain d'aois nó breis, bhí dualgas air i mbun seirbhís Theampall an Tiarna.

25 Óir dúirt Dáiví: “Thug an Tiarna Dia Iosrael síocháin dá phobal agus tá sé ag cur faoi in Iarúsailéim go brách.

26 Níl sé de cheangal ar na Léivítigh an taibearnacal ná aon ní a ghabhann le freastal air a iompar a thuilleadh.” -

27 Óir na Léivítigh a áiríodh, de réir focail deiridh Dháiví, bhí siad fiche bliain agus ós a chíonn -

28 “Sé an dualgas atá orthu ná cabhrú le clann Árón i mbun seirbhís Theampall an Tiarna, agus a bheith i bhfeighil na gcúirteanna agus na seomraí, agus gach ní naofa a ghlanadh; sé a ndualgas freastal ar Theampall an Tiarna.

29 Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt.

30 Ní mór dóibh a bheith i láthair gach maidin, agus tráthnóna chomh maith, ag moladh agus ag móradh an Tiarna,

31 agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.

32 I bhfeighil Theampall an Tiarna dóibh, leanaidís gnásanna Bhoth na Teagmhála, gnásanna an tsanctóra agus gnásanna a ngaolta, clann Árón.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29