1 Croinicí 3 ABN

Teaghlach Dháiví

1 Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.

2 An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;

3 an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.

4 Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.

5 Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;

6 Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,

7 Noga, Neifig, Iáifia,

8 Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.

9 Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.

10 Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,

11 Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,

12 Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,

13 Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,

14 Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan.

15 Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.

16 Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan.

17 Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac;

18 Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá.

19 Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít.

20 [Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear.

21 Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan.

22 Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear.

23 Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr.

24 Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29