1 Croinicí 25 ABN

Na Cantairí

1 Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.

2 De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.

3 De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n‑athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.

4 De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót.

5 Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.

6 Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n‑athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,

7 an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht.

8 Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta.

9 Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

10 An tríú duine, Zacúr.

11 An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

12 An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

13 An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

14 An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

15 An t‑ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

16 An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

17 An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

18 An t‑aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

19 An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

20 An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

21 An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

22 An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

23 An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

24 An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

25 An t‑ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

26 An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

27 An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

28 An t‑aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

29 An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

30 An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

31 An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29