1 Croinicí 10 ABN

1 Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.

2 Lean na Filistínigh go dian sna sála ar Shól agus a mhic agus mharaigh siad Iónátán, Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil.

3 Cuireadh an cath go crua ar Shól, fuair na saigheadóirí faill air agus thit sé faoi ghona na saigheadoirí.

4 Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.” Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.

5 Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis.

6 D'éag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht.

7 Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t‑arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu.

8 Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.

9 Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal.

10 Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón.

11 Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól,

12 chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.

13 Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi

14 in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29