40 Seo iad clann mhac Sheobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seifi, Ónám. Clann mhac Zibeon: Aiá agus Aná.
41 Clann Aná: Diseon. Clann mhac Dhiseon: Hamrán, Eisbeán, Itreán, Carán.
42 Clann mhac Éizir: Bileán, Záván, Ácan. Clann mhac Dhiseán: Úz agus Arán.
43 Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sular tháinig aon rí Iosraelach i réim: Beala mac Bheór, agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
44 D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.
45 D éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.
46 D'éag Húiseám; agus Hadad mac Bheadad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh. Aivít a ba ainm dá chathair.