2 Lean na Filistínigh go dian sna sála ar Shól agus a mhic agus mharaigh siad Iónátán, Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil.
3 Cuireadh an cath go crua ar Shól, fuair na saigheadóirí faill air agus thit sé faoi ghona na saigheadoirí.
4 Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.” Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.
5 Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis.
6 D'éag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht.
7 Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t‑arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu.
8 Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.