11 Seo é an liosta de ghaiscígh Dháiví: Iáisiobám Hacmónach, ceannaire an tríocha taoiseach. Eisean a d'imir a thua chatha ar thrí chéad agus mharaigh iad ar an toirt.
12 Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó an tAchóchach.
13 Bhí seisean le Dáiví ag Pas Daimín nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ann. Bhí gort lán d'eorna ansiúd. Theith na saighdiúirí ó na Filistínigh.
14 Sheas siad an fód i lár an ghoirt agus rinne siad é a chosaint agus rinne siad na Filistínigh a threascairt. Thug an Tiarna bua mór chun críche ar an gcuma sin.
15 Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos go dtí Dáiví ag an gcarraig láimh le hUaimh Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.
16 Bhí Dáiví ansin sa dún agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.
17 Dúirt Dáiví le tnúth: “Uch nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile; tá sé le taobh an gheata.”