23 Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
24 Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch.
25 Ba mhó cáil é ná an tríocha ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda.
26 Na gaiscígh chróga:Asáhael deartháir Ióáb.Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
27 Seamót ó Harod.Heiliz an Palónach.
28 Íreá mac Icéis ó Theacóá.Aibíeizir ó Anatót.
29 Sibeacaí ó Huiseá.Iolaí ó Achó.