5 Dúirt lucht áitrithe Iabús le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht anseo isteach.” Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, dúnfort Dháiví is é sin.
6 Dúirt Dáiví: “An té is túisce a bhuailfidh Iabúsach ar lár, déanfar taoiseach agus ceannaire de.” Ba é Ióáb mac Zarúá a ba thúisce a ghabh suas agus a ndearnadh taoiseach de.
7 Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus is mar sin a fuair sé an t‑ainm dúnfort Dháiví.
8 Thog sé balla timpeall na cathrach ansin agus an Mileo chomh maith leis an mballa mórthimpeall. Rinne Ióáb an chuid eile den chathair a athnuachan.
9 Chuaigh Dáiví i neart agus i neart mar bhí Tiarna na Slua ina chuideachta.
10 Seo iad na príomhghaiscígh, iad siúd a chuaigh chun cinn i gcumhacht lena linn agus a rinne rí de, le hIosrael go léir, de réir bhriathar Dé i dtaobh Iosrael.
11 Seo é an liosta de ghaiscígh Dháiví: Iáisiobám Hacmónach, ceannaire an tríocha taoiseach. Eisean a d'imir a thua chatha ar thrí chéad agus mharaigh iad ar an toirt.