25 Clann Iúdá ag iompar scéithe agus ga: sé mhíle ocht gcéad laoch faoi arm catha;
26 de chlann Shimeon: seacht míle céad laoch cróga i gcath;
27 de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad,
28 seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan,
29 agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar;
30 de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil;
31 de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní;