27 de chlann Léiví: ceithre mhíle sé chéad,
28 seachas Iahóideá a bhí i gceannas chlann Árón, le trí mhíle seacht gcéad díobhsan,
29 agus Zádóc, laoch óg cróga, agus beirt cheannasaí fichead de fhiní a athar;
30 de chlann Bhiniáimin: trí mhíle de ghaolta Shóil, a raibh a bhformhór go dtí sin i seirbhís theaghlach Shóil;
31 de chlann Eafráim: fiche míle ocht gcéad de laochra cróga, fir a raibh cáil orthu i measc a bhfiní;
32 de leath-threibh Mhanaise: ocht míle déag a ainmníodh d'aonghnó le dul agus Dáiví a fhógairt ina rí;
33 de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d'Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;