37 de chlann Áiséar: daichead míle fear, ullamh chun seirbhíse, réidh chun catha.
38 Ón Olliordáin: céad agus a fiche míle fear de chlann Reúbaen, Gád, agus leaththreibh Mhanaise, le hairm chogaidh de gach sórt.
39 Tháinig na fir chogaidh seo go léir go Heabrón in eagar catha agus é d'aidhm agus de chuspóir acu Dáiví a fhógairt ina rí ar Iosrael; bhí an chuid eile d'Iosrael chomh maith meáite ar rí a dhéanamh de Dháiví.
40 D'fhan siad ansiúd le Dáiví ag ithe agus ag ól ar feadh trí lá. Bhí ullmhúchán déanta ag a ngaolta dóibh.
41 Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh - thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael.